Dingle Film Festival returns 13th – 15th November 2026

Timothy V. Murphy

Record level of film submissions for year four of the festival

Festival to welcome actor Timothy V. Murphy 

Plus hone your craft with West End School of Arts and industry experts like Last of the Mohicans’ Ned Dowd, director Mark O’Halloran, writer Ailbhe Keogan, and Head of TG4 Deirdre Ní Chóistín

And… action! Dingle Film Festival is back for a fourth year, taking place in venues across Dingle from 13th – 15th November. This year, Dingle Film Festival received a record number of entries to the festival that annually boasts a diverse programme of Irish, Irish-language and international documentary, feature and short films that push boundaries. Today, the festival can reveal some of the feature and documentary films that audiences can enjoy across the festival weekend, including a red-carpet screening of Everybody Digs Bill Evans in the historical An Díseart venue, attended by screenwriter Mark O’Halloran. 

Now an IFTA-qualifying festival, Dingle Film Festival prides itself in being a stepping stone to up-and-coming filmmakers and talent, supporting the inspiring new work in film coming out of Ireland. This is evident in the festival’s exquisite array of Masterclasses, Talks and Workshops with internationally renowned guests in the Masters Zone of the festival, where emerging and established actors and filmmakers get behind-the-scenes access to industry experts to fine-tune their craft, as well as a diverse programme of Irish, Irish language and international film in our Features and Doc zone sponsored by Sacred Heart University and in our Shorts zone sponsored by Brian de Staic.

Kicking off proceedings on Friday 13th November at 2-5pm in the Dingle Skellig Hotel is an interactive scriptwriting challenge with award-winning playwright and scriptwriter Fiona Doyle of West End School of Arts, founded by Michael Fassbender. Focused on the importance of structure and aimed at aspiring playwrights and screenwriters, participants will be challenged to write a three-minute script which will be read by actors at a table reading on Sunday to a live audience and panel of renowned scriptwriters including Fiona and Ailbhe Keogan (Run & Jump, Joyride, Sunlight, Bad Sisters, Youth, Trespasses) who will give feedback.

Not to be missed is ‘The Road to Hollywood: In Conversation with Actor Timothy V. Murphy’ on Saturday 14th November, 11.30am – 1pm in the Dingle Skellig Hotel. RTÉ presenter Seán Mac an tSíthigh will sit down with LA-based actor Timothy V. Murphy (National Treasure, American Siege, Sons of Anarchy, The Lone Ranger, True Detective). The pair will delve into the opportunities that have helped Timothy secure a steady path of work in the industry, basing himself in LA while managing to keep his Kerry accent! 

Following this on Saturday at 2pm in Dingle Skellig Hotel, writer of the opening film Everybody Digs Bill Evans Mark O’Halloran will share insights from his successful 30+ year career – from Adam & Paul to Garage – and offer plenty of practical creative and career advice for actors and writers: defining your creative identity, getting your work made, and collaborating with directors and other writers.

With writing credits on 2026 TV highlights such as Trespasses and HBO’s Youth, join the BAFTA-nominated, IFTA-winning and Zebbie-winning scriptwriter Ailbhe Keogan and award-winning filmmaker and director Maurice Sweeney (Blood, Penance, I Dolours, Cromwell in Ireland, Saving the Titanic, Flann O’Brien: The Lives of Brian, W.B. Yeats: No Country for Old Men, Druid Shakespeare, The Forgotten Irish) as they explore the crucial relationship between scriptwriter and director in ‘The Director and Scriptwriter Relationship’ on Sunday 15th November 12-1pm in Dingle Skellig Hotel, and offer insights into how to get your idea from page to screen. 

This year’s festival continues in its mission to keep the Irish language at the heart of programming to honour and celebrate its unique position as the only film festival in a Gaeltacht region. ‘Gaeilge ar an Scáileán Mór – Irish language Funding Panel’ is a bilingual session taking place on Sunday 15th November at 1.30pm in Dingle Skellig Hotel that will get to the nuts and bolts of accessing funding for Irish language films and how to take Irish language film to the international stage and in the case of An Cailín Ciúin, even to the Oscars! For anyone who has ever considered working through the Irish language, this is your opportunity to hear from Head of TG4 Deirdre Ní Chóistín, Commissioning Editor TG4 Cine4 Máire Ní Chonlain, Irish Language Group Head/ Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ Niamh Ní Churnáin, Development Executive, Screen Ireland Molly O’Driscoll and moderated by Jules Ní Chonchobhair, Head of Oifig MEDIA na Gaillimhe, Creative Europe Desk Ireland. 

Elsewhere, Hollywood actor and producer Ned Dowd (Last of the Mohicans, GI Jane, Apocalyto), Festival Director and award-winning documentary filmmaker Mark McLoughlin (Stolen Lives, In The Name of the Son, The Man With the Moving House, Blood Rising) and Aniar TV Producer Niamh Ní Bhaoill will panel ‘Show Me The Money – The Art of Pitching’, while award-winning director Julian Farino, who has directed big TV series including Entourage, Big Love and Rome and his film credits include Flesh and Blood, Marvellous, The Child in Time, will discuss the pathways to success as a director and his views on what the future holds for the television and film industry.

The festival creates real pathways to sustainable jobs in the film industry through its year-long filmmaking course, hosted by leading professionals, extending the festival’s commitment to training aspiring filmmakers. There are also opportunities to connect and collaborate in the Dingle Skellig Hotel over the weekend as the Kerry Media Network Meet-up in association with Kerry College invite attendees on Saturday at 1pm to meet and network, whether you’re an “above the line” or “below the line” professional or just trying to get started, while on Sunday at 1pm Connect Dingle brings fellow filmmakers and creatives together at this informal event, a brilliant opportunity to meet and engage with people working in the film industry and creative fields, to share your insights, to find project collaborators and to pitch ideas. 

Preasráiteas - Filleann Féile Scannán an Daingin 13ú – 15ú Mí na Samhna 2026

Agus… aicsean!  Tá Féile Scannán an Daingin thar n-ais dá ceathrú bliain, á reachtáil in ionaid ar fud an Daingin ó 13ú go 15ú Mí na Samhna. I mbliana, fuair Féile Scannán an Daingin an líon is airde iarratais don bhféile riamh, féile go mbíonn clár éagsúil de scannáin faisnéise, príomhscannáin agus gearrscannáin ó Éirinn agus thar lear ina chuid de, anuas ar scannáin Ghaeilge a bhrúann i siar na teorainneacha. Inniu, is féidir leis an bhféile ainmneacha chuid de na príomhscannáin agus scannáin faisnéise a fhéadfaidh luchtanna féachana sult a bhaint astu thar dheireadh seachtaine na féile a nochtadh, ina measc léiriú chairpéid dhearg de Everybody Digs Bill Evans in ionad stairiúil An Díseart, leis an scríbhneoir scripte  Mark O’Halloran i láthair.

Agus í anois ina féile a cháilíonn do IFTA, tá  Féile Scannán an Daingin mórtasach as a bheith ag tabhairt céim in airde do scannánóirí óga agus tallann óg, ag tacú le saothair nua scannáin ag teacht as Éirinn. Tá sé seo le léamh go soiléir ar an réimse iontach Máistir-ranganna, Cainteanna agus Ceardlanna le haíonna aitheanta idirnáisiúnta i Zón Máistrí na féile, áit go bhfaigheann aisteoirí agus scannánóirí idir nua agus seanbhunaithe rochtain neamhghnách ar shaineolaithe ón tionscal chun snas a chur ar a gcuid scileanna. 

Ag cur tús le himeachtaí ar Aoine 13ú Mí na Samhna ag 2-5in in Óstán na Sceilge beidh dúshlán scríbhneoireacht scripte idirghníomhach leis an drámadóir agus scríbhneoir scripte duaisbhuaiceach Fiona Doyle ó West End School of Arts, bunaithe ag Michael Fassbender. Ag díriú ar thábhacht an struchtúir agus dírithe ar dhrámadóirí agus scríbhneoirí scripte atá i dtús a ngairme, iarrfar ar rannpháirtithe script 3 nóiméad a scríobh a bheidh á cur i láthair ag aisteoirí mar léamh boird ar an Domhnach os comhair lucht féachana beo agus painéal de scríbhneoirí scripte aitheanta, le Fiona féin agus Ailbhe Keoghan (Run & Jump, Joyride, Sunlight, Bad Sisters, Youth, Trespasses) san áireamh, le haiseolas uathu ina dhiaidh.

Ní cheart cailliúint amach ar ‘The Road to Hollywood: In Conversation with Actor Timothy V. Murphy’ ar Shatharn 14ú, 11rn – 1in in Óstán na Sceilge. Beidh láithreoir RTÉ, Seán Mac an tSíthigh ag cur agallamh ar an aisteoir Timothy V. Murphy (National Treasure, American Siege, Sons of Anarchy, The Lone Ranger, True Detective), atá lonnaithe i Los Angeles. Beidh an bheirt acu ag cíoradh na ndeiseanna ba chúis le Timothy sruth leanúnach oibre a aimsiú sa thionscal, é bunaithe in LA ach gan a thuin Chiarraíoch caillte aige!

Ag teacht sna sála air seo ar an Satharn, ag 2in in Óstán na Sceilge, beidh Mark O’Halloran scríbhneoir an scannán oscailte Everybody Digs Bill Evans ag roinnt cuimhní agus pointí foghlama óna ghairm oibre rathúil de bhreis agus 30 bliain – ó Adam & Paul go Garage – agus ag soláthar go leor moltaí praiticiúla cruthaitheacha agus gairmiúla d’aisteoirí agus scríbhneoirí: ag múnlú d’fhéiniúlachta cruthaithí, ag éirí led chuid oibre a thabhairt chomh fada leis an scáileán, agus a bheith ag comhoibriú le stiúrthóirí agus scríbhneoirí eile. 

Agus tréimhsí caite aici ag scríobh do bhuaicphóintí teilifíse 2026 leithéidí Trespasses agus Youth de chuid HBO, bí i dteannta an scríbhneoir scripte Ailbhe Keogan, go bhfuil a cuid oibre ainmithe do BAFTA, agus duaiseanna IFTA agus Zebbie buaite aici, agus an scannánóir agus stiúrthóir duaisbhuaiceach Maurice Sweeney (Blood, Penance, I Dolours, Cromwell in Ireland, Saving the Titanic, Flann O’Brien: The Lives of Brian, W.B. Yeats: No Country for Old Men, Druid Shakespeare, The Forgotten Irish) fad is a ndéanann siad cíoradh ar an gcaidreamh fíorthábhachtach idir an scríbhneoir scripte agus an stiúrthóir in ‘The Director and Scriptwriter Relationship’ ar an Domhnach, 15ú Mí na Samhna, 12rn-1in Óstán na Sceilge,  agus iad ag tabhairt leideanna úra faoi chonas do smaoineamh a thabhairt ón leathanach go dtí an scáileán. 

Leanann féile na bliana seo lenár misean chun an Ghaeilge a choimeád i lár an chláir, ag tabhairt ómós agus aitheantas do stádas na féile mar an t-aon fhéile dá leithéid atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta. Is seisiún dátheangach é ‘Gaeilge ar an Scáileán Mór – Irish language Funding Panel’ a bheidh á reachtáil ar Dhomhnach 15ú Mí na Samhna ag 1.30in in Óstán na Sceilge is a bheidh dírithe ar na bearta crua maidir le conas maoiniú a bhaint amach do scannáin Ghaeilge agus conas scannáin Ghaeilge a chur ar an ardán idirnáisiúnta agus – i gcás An Cailín Ciúin – fiú chomh fada leis na hOscair! D’éinne go bhfuil sé sa cheann acu bheith ag obair trí Ghaeilge, is deis é seo cloisint ó Cheannasaí TG4 Deirdre Ní Chóistín, Eagarthóir na gCoimisiún ag TG4/Cine4, Máire Ní Chonlain, Grúpcheannasaí Gaeilge, RTÉ Niamh Ní Churnáin, Feidhmeannach Forbartha le Fís Éireann Molly O’Driscoll, leis an seisiún faoi stiúr Jules Ní Chonchobhair, Ceannasaí Oifig MEDIA na Gaillimhe, Creative Europe Éireann. 

In imeachtaí eile beidh an t-aisteoir agus léiritheoir i Hollywood, Ned Dowd (Last of the Mohicans, GI Jane, Apocalypto), Stiúrthóir na Féile agus scannánóir faisnéise duaisbhuaiceach Mark McLoughlin (Stolen Lives, In The Name of the Son, The Man With the Moving House, Blood Rising) agus Léiritheoir le Aniar TV Niamh Ní Bhaoill mar phainéal don seisiún ‘Show Me The Money – The Art of Pitching’, fad is a bheidh an stiúrthóir duaisbhuaiceach Julian Farino, go bhfuil sraitheanna móra teilifíse ar nós Entourage, Big Love and Rome anuas ar scannáin leithéidí Flesh and Blood, Marvellous agus The Child in Time  stiúrtha aige, ag plé an bhóthair ar thug sé air chun saol rathúil mar stiúrthóir a bhaint amach, chomh maith lena thuairimí ar a bhfuil in ann do thionscal na teilifíse an an scannáin amach anseo. 

Cruthaíonn an fhéile bealaí le dealramh i dtreo poist inmharthana i dtionscal an scannáin trína cúrsa scannánóireachta bliana, eagraithe ag daoine gairmiúla den scoth ón tionscal, ag cur le tiomantas na féile chun lucht déanta scannáin úra a thraenáil. Anuas air sin, beidh deiseanna gréasánaithe agus comhoibrithe in Óstán na Sceilge thar an deireadh seachtaine ag Comhthionól Ghréasán Meáin Chiarraí i gcomhpháirt le Coláiste Chiarraí, agus cuireadh á thabhairt do lucht freastail na féile bualadh, aithne  chur ar a chéile agus nascanna a chruthú ar an Satharn ag 1in. Is cuma faoi do chéim gairme – seanbhunaithe nó díreach ag tosnú amach. Agus ar an Domhnach ag Connect Dingle ag a 1in is féidir leat bualadh le scannánóirí agus daoine cruthaitheacha eile ag an imeacht neamhfhoirmeálta seo, deis iontach chun aithne a chur ar dhaoine atá ag obair i dtionscal an scannáin agus réimsí cruthaitheacha eile, do thuairimí agus tuiscintí a roinnt, teacht ar lucht do chomhoibrithe agus smaointí a chur faoina mbráid. 

Subscribe to Dingle Film Festival
Cláraigh do Fhéile Scannán an Daingin

Get exciting news & early access to ticket sales
Faigh scéalta nua & díolaíocht ticéad luath

This field is for validation purposes and should be left unchanged.
Name

You can unsubscribe any time
Is féidir díchlárú aon am